Scéal Caibidil 10

Chapter 10 story

Next

Clár leabhar 2 Book 2 contents

Below you will find a final bonus chapter with the contents of each story from the end of every chapter collected together as one. Click on each chapter to reveal the story.

Now that you have completed each chapter you should have enough vocabulary to understand the entire story (a recording has been provided below).

And don’t worry, if you struggle, you can always go back and recap a chapter.

Bain sult!

D’oscail mamaí an doras agus dúirt sí,“Maidin mhaith, a stór. Tá sé in am éirí.”

“Cad é a ba mhaith leat do do bhricfeasta?”

“Ba mhaith liom gránach, le do thoil, a mhamaí.”

Chuir mé orm mo chuid éadaí.

D’ith mé mo bhricfeasta agus scuab mé mo chuid fiacla.

Nuair a bhí mé réidh, chuaigh mé amach chuig an charr le dul ar scoil.

Ar scoil, thug mé póg do mo mhamaí agus rith mé isteach.

Bhí lá ar dóigh agam.

Bhí mé taobh amuigh ag imirt peile.

Bhí mé ag sugradh le mo chairde ag am sosa.

Léigh an múinteoir scéal.

Rinne muid mata.

I ndiaidh am scoile, bhí mé ag imirt peile le mo chairde.

Scóráil mé cúl.

Scóráil Peadar cúilín.

Bhain mé sult as an chluiche.

Cuidím le mo dhaidí sa ghairdín.

Is maith liom bheith ag cuidiú leis.

Is aoibhinn liom na bláthanna éagsúla.

Is maith liom bheith ag cur plandaí sa talamh.

Ní maith liom bheith ag scuabadh na duilleoga suas.

Bhí tuirse orm aréir. 

Léigh daidí scéal am luí.

Dhruid mé mo shúile.

Chodail mé go sámh.

Tá an tEarrach linn.

Tá an féar ag fás.

Tá an Samhradh linn.

Tá an ghrian ag soilsiú.

Tá an Fómhar linn.

Tá na duilleoga ag titim.

Tá an Geimhreadh linn.

Tá sé ag cur sneachta.

Lá galánta a bhí ann.

Chaith muid lá ar an trá.

Bhí mé ag snámh san fharraige.

Thóg muid caisleán gainimh.

D’ith mé ceapaire.

“An bhfaca tú na tonnta móra?” arsa mo mhamaí.

“Chonaic. Bhí siad an-mhór!”

Ba mhaith liom dul ar ais amárach.

Thit Peadar agus ghortaigh sé a ghlúin.

Bhí a ghlúin iontach nimhneach.

Bhí sé ag caoineadh.

Chuaigh sé abhaile lena mhamaí.

Thug a mhamaí milseáin agus deoch dó.

Is é mo bhreithlá inniu.

Rinne mamaí císte dom.

Tháinig mo chairde chuig an chóisir.

D’imir muid cluichí.

Fuair mé bronntanais deasa.

Bhí am ar dóigh agam.

  •     sceal_iomlan

Previous

Scéal caibidil 9 Chapter 9 story

Next

Clár leabhar 2 Book 2 contents