Amhráin Agus Rainn

  •     Gaeilge don Teaghlach C2-147

Songs and Rhymes

Previous

Bain triail as Give it a go

Next

Scéal Caibidil 2 Story chapter 2

Tart is ocras orm anois

I am hungry and thirsty now

 

Tá tart is ocras orm anois,

Orm anois, orm anois,

Tá tart is ocras orm anois,

Ba mhaith liom suí ag an tábla don lón.

  •     Gaeilge don Teaghlach C2-149

An bhfaca tú mo Shéamuisín?

Have you seen my Little Jimmy?

 

An bhfaca tú mo Shéamuisín?

Mo stóirín óg, mo bhuachaillín.

An bhfaca tú mo Shéamuisín?

Is é ‘gabháil síos an bóthar.

Níl bróg ar bith ar a dhá choisín.

Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín.

Níl bróg ar bith ar a dhá choisín.

Níl caipín air ná clóca.

Ag dul ar scoil tá Séamuisín

Mo stóirín óg, mo bhuachaillín

Ag dul ar scoil tá Séamuisín

‘S a leabharín buí sa phóca.

Ar a dhroim tá máilín beag

Tá máilín beag, tá máilín beag

Ar a dhroim tá máilín beag

‘S a lóinsín ann is dócha.

  •     Gaeilge don Teaghlach C2-151

Labhair an Teanga Ghaeilge

Speak the Irish Language

Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,

A chuid mo chroí is a stór,

An teanga a labhair mo mháthair liom,

In Éirinn ghlas fadó.

Is í teanga bhinn ár sinsear í,

An chaint is milse glór,

Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,

Is bain de mo chroí an brón.

Ó labhair an teanga Ghaeilge liom,

Is í teanga cheart na nGael,

An teanga bhinn is ársa atá

Le fáil ar fud an tsaoil.

A stór mo chroí is beannacht ort,

A chailín óig gan cháim,

Cá bhfuil sa tsaoil aon teanga mar

Ár dteanga féin le fáil?

  •     Gaeilge don Teaghlach C2-152

Previous

Bain triail as Give it a go

Next

Scéal caibidil 2 Story chapter 2