Jill agus Seán
Jack and Jill
Chuaigh Jill is Seán,
Suas an cnocán,
Ag triall ar bhuicéad uisce,
Thit siad anuas,
Ghearr Seán a chluas,
Ach ní raibh faic ar Jillín chliste.
D’éirigh Seán aníos,
Is rith sé arís, Abhaile leis an caí,
Chuig Mam Uí Chúis,
A leigheas dó a chluas,
Le fínéagar is páipéar buí.
- Gaeilge don Teaghlach C3-125
Cic Ceap
Le Siobhán Ní Dhoibhlin
Cic ceap, cic ceap, cic ceap, preab
Rith chuig na cúlaí, tiontaigh, stad.
Ag scóráil linn an lá ar fad,
Cic ceap, cic ceap, cic ceap, preab.
Tarraing ar an talamh, ceap san aer.
Tóg agus buail é, bloc go géar.
Tabhair poc láidir dó ar an fhéar.
Tarraing ar an talamh, ceap san aer.
Camán isteach, faigh an sliotar, buail,
Ag scóráil cúilíní agus cúíl.
Tabhair pas gasta, rith ná siúl!
Camán isteach, faigh an sliotar, buail.
- Gaeilge don Teaghlach C3-126