Amhráin Agus Rainn

Songs and Rhymes

Previous

Cleachtadh Practice

Next

Bain triail as Give it a go

Bainfidh mé díom mo gheansaí, 

Bainfidh mé díom mo gheansaí, 

Bainfidh mé díom mo gheansaí, 

Mar is girseach iontach mé

 

Bainfidh mé díom mo stocaí, 

Bainfidh mé díom mo stocaí

Bainfidh mé díom mo stocaí

Mar is gasúr iontach mé

  •     1 - Bainfidh Mé Díom Mo Gheansaí

Oíche mhaith,

Codladh sámh, 

Druid do shúile.

Chím na réaltaí ins sa spéir. 

Oíche mhaith.

  •     2 - Oíche Mhaith

Suantraí (Lullaby):   

“Bog braon, bog braon, bog braon, don tseanduine.

Bog braon ‘s blais féin,

Bog braon don tseanduine.


Cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine.

Cuir a chodladh ‘s nigh a chosa, Bog braon don tseanduine.

Bog braon, bog braon, bog braon, don tseanduine.

Bog braon ‘s blais féin,

Bog braon don tseanduine.

Ubh chirce, ubh chirce, ubh chirce don tseanduine,

Ubh chirce ‘s blúirín ime ‘s é a thabhairt don tseanduine.

Bog braon, bog braon, bog braon, don tseanduine.

Bog braon ‘s blais féin,

Bog braon don tseanduine.

  •     3 - Bog Braon Don tSeanduine

Previous

Cleachtadh Practice

Next

Bain triail as Give it a go